MOLSCÉAL
@MOLSCEAL
Molscéalta físe ó @TG4TV / Video Story Hub from #TG4 ☘️ Aip ar Android & iOS 📱http://molsceal.ie 🖥 Scéal agat? ➡️ [email protected] 📧
Tá foireann Dhún na nGall ag déanamh réidh do Chluiche Ceannais Peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo. Labhair muid le tuismitheoirí imreoirí Ghaoth Dobhair agus iad ag súil leis an Domhnach. @officialdonegal @Ligidtv
Bhailigh na sluaite le chéile i gCorcaigh an tseachtain seo caite le freastal ar Fleadh Cheoil na Mumhan 2025. Bhí seachtain lán le ceol, craic agus cultúr acu. Fleadh 25 📅3 Lúnasa ⏰21:30 📺TG4 Ná cailligí é🎻 #Fleadh25 @FleadhNaMumhan @fleadhcheoil
Bhí Fleadh Cheoil Chonnachta ar siúl i mBéal Átha na Sluaighe i mbliana, le daoine ag teacht ó na contaetha ar fad i gConnacht le páirt a ghlacadh ann. Fleadh 25 📅3 Lúnasa ⏰21:30 📺TG4 #Fleadh25 @fleadhcheoil @Connachtfleadh @TG4TV @TradTG4
Tá tógra nua tithíochta ar bun i nGaoth Dobhair faoi láthair, áit a mbeidh thart ar naoi dteach is fiche á dtógáil. “Radharc na hOileáin” is ainm don eastát, agus táthar ag súil go mbeidh na tithe réidh gan mhoill.🏘️ @ieconstruct @Donegal_News @mpt_it
Reáchtáladh ceiliúradh stairiúil i Seanscoil Shailearna, i gConamara, chun 50 bliain a chomóradh ó taifeadadh Caoineadh Airt Uí Laoghaire, an chéad scannán neamhspleách i nGaeilge.🎥 @clubscannan1 @PleanTeangaCF
#anláseo i 2008 - Scoil Samhraidh Mhic Reachtain Ba í seo an naoú bliain a bhí Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar siúl sa tseaneaglais Phreispitéireach i dTuaisceart Bhéal Feirste. @NuachtTG4 @MhicReachtain
Bhí cúrsa Gaeltachta ar bun i Rann na Feirste darbh ainm Blaiseadh na Gaeltachta a bhí dírithe ar oidhreacht agus cultúr na Gaeltachta. D'fhreastail daoine ó Mheiriceá mar aon le daoine ó fud fad na tíre ar an gcúrsa. @Ligidtv
D'fhreastail breis is 90 bearrthóir ó chian is ó chóngar ar an gcomórtas bliantúil bearrtha caorach i mBarr a' Chuma le linn an deireadh seachtaine, áit ar bearradh thart ar 1000 caora sa ló! Bail ó Dhia ar na bearrthóirí! 🐑✂️ @topofcoom @cuilaodha
An t-ádh linn go bhfuil @MayockEmer sa chontae agus í i mbun oibre den chineál seo. 💚❤️🎶 #Ceol #MaighEo @MusicofMayo
Chuir an ceoltóir áitiúil Emer Mayock tús le togra Ceol Mhaigh Eo i 2017. Tá bailiúchán déanta aici ar chartlann leathan de cheol a théann chomh fada siar leis an 18ú haois. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo: musicofmayo.ie. @MusicofMayo @Gno_MhaighEo
Chuir an ceoltóir áitiúil Emer Mayock tús le togra Ceol Mhaigh Eo i 2017. Tá bailiúchán déanta aici ar chartlann leathan de cheol a théann chomh fada siar leis an 18ú haois. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo: musicofmayo.ie. @MusicofMayo @Gno_MhaighEo
Maith Thú, a Sheáin #Ballinasloe #Roscommon @clubrossie
Rinne Seán Ó Beoláin seoladh ar a leabhar nua Gaeilge Cúpla Focal Nua i gclubtheach Phádraig Mhic Phiarais i Ros Comáin. Bhain sé bonn Chraobh na hÉireann le Ros Comáin i 1965. @propearses @roscommoncoco
#anláseo i 1997 - Oilithreacht Oileán Mhic Dara Thaistil na céadta go Oileán Mhic Dara cé go raibh an aimsir go dona. @NuachtTG4 @FeileMhicDara
Labhraíonn an t-ealaíontóir áitiúil Caitlín Ní Ghallchóir linn faoi thaispeántas ealaíne darb ainm Ag Dathú an Dorchadais: Calm and Chaos, atá ar siúl aici i ngailearaí na leabharlainne i nGaoth Dobhair. @gailearai @mpt_it
Rinne Seán Ó Beoláin seoladh ar a leabhar nua Gaeilge Cúpla Focal Nua i gclubtheach Phádraig Mhic Phiarais i Ros Comáin. Bhain sé bonn Chraobh na hÉireann le Ros Comáin i 1965. @propearses @roscommoncoco
Chríochnaigh an Fhleadh Cheoil i bPobalscoil na Rosann le hócáid spreagúil a mbeidh daoine ag caint faoi ar feadh tamaill mhaith. Ba í an cheolchoirm Idir an dá Ghaoth an chéad cheolchoirm Fife riamh a cuireadh i láthair in Éirinn.🎼 @bsgacl @PteanganaRosann